Seachtain na Gaeilge 2022

Seachtain na Gaeilge 2022

Seachtain na Gaeilge 2022

Bhí achan duine i nGaelscoil Bhun Cranncha ag dúil go mór mór le himeachtaí Sheachtain na Gaeilge i mbliana a bhí ina dheis dúinn maolú srianta Covid a cheiliúradh. D’fhág muid slán ag na meithleacha ranga agus d’éirigh linn cumarsáid nádurtha a dhéanamh lenar gcairde agus lenár gcomhleacaithe scoile.

Thosaigh an tseachtain go bríomhar le Lá Cluichí Boird agus an tAmhrán Naisiúnta á chleachtadh sa chúlra. (Tá níos mó cleachtadh de dhíth ar seo!).

Cuireadh fáilte is fiche roimh an scéalaí, Séamus Mac Annaidh, a d’fhill orainn i mbliana ó Inis Ceithleann le scéalta agus greann. Bhí taispeántas sa halla d’iontrálacha grianghrafanna na dtuismitheoirí ar an chomórtas Seanfhocail . Bhí said ar fheabhas a thuismitheoirí – maith sibh uilig! (Liosta buaiteoirí thíos anseo).

Istigh sna seomraí ranga chuaigh na páistí san iomaíocht lena chéile chun an Tráth na gCeist ranga a bhaint agus ansin isteach sa halla spóirt leo chun Ballaí Luimnigh agus Ionsaí na hInse a dhéanamh . Ar an taobh neamh-thraidisiúnta de na ceiliúrithe, bhain Rang 5 agus Rang 6 sult mhór as an Cha Cha Slide a dhéanamh tré Ghaeilge le Neasa, gan trácht a dhéanamh ar an turas scoile go Pictiúrlann Bhun Cranncha chun Spongebob an Scannán: Rith Spúinse Rith! a fheiceáil.

Seachtain na Gaeilge = Seachtain cairdis, spraoi agus oidhreachta.

The activities of SnaG 2002 were much anticipated as Gaelscoil Bhun Cranncha opened up again to visitors and pre-Covid activities. We said SLÁN to the Covid pods and allowed for more interaction with each other than had been possible since March 2020.

Our week began with the welcome return of board games which we happily dusted down for the occasion. Meanwhile in the background we heard classes return to song singing as Amhrán na bhFiann became the anthem of the week.

Séamus Mac Annaidh the Enniskillen storyteller regaled us with stories about Sleepy Pandoodle agus Na Cáit and parents participated in the photography competition (please the results below).

Within the classrooms, children fought it out to win the class Tráth na gCeist and we danced The Walls of Limerick and The Siege of Ennis. These traditional celebrations of Seachtain na Gaeilge were well complimented with the Cha Cha Slide as Gaeilge with Neasa, and our trip to Buncrana Cinema to watch Spongebob ag Gaeilge in the film Rith Spúinse Rith!

What a week of fun, friendship, and heritage - a true celebration of the best of Gaelscoil Bhun Cranncha.

Events
Aib
27 2024
Cóineartú
Aib
27 2024
Confirmation
Bealt
06 2024
Bank Holiday
Bealt
25 2024
First Communion
Meith
03 2024
Bank Holiday
Enquire
Contact
Gaelscoil Bhun Cranncha,
Ascaill an Chaisleáin,
Bun Cranncha,
Co. Dhún na nGall
F93YW18

074 93 61988


Download the iClass App for iOS
Download the iClass App for Android
Location
© 2024 Gaelscoil Bhun Cranncha