Seo a leanas an tuairisc aontaithe ón chruinniú boird Dé Céadaoin 2 Aibreán 2025:
- Faomhaíodh 2 pholasaí nua (Gaeilge & Sceithireacht).
- Gabhann an bord buíochas le Coiste na dTuismitheoirí as an mhaidin caife iontach a d'eagraigh siad agus as an tacaíocht uilig a thugann siad don scoil.
- Gabhann an bord buíochas le clann Uí Fhearáil as an chomórtas iománaíochta/camógaíochta a eagrú i gcuimhne ar Nathan ó Fearáil.
- Beidh daltaí ón scoil ag dul ar Highland Radio ar 28 Bealtaine le hamhránaíocht/aithrisireacht/agallaimh a dhéanamh (tuilleadh eolais le teacht faoi seo i ndiaidh na Cásca).
- Rinne an fhoireann iomlán traenáil gharchabhrach ar na mallaibh.
- Tá físghrafadóir ag teacht chun na scoile ar 10 Aibreán chun físeán bolscaireachta a thaifeadadh.
- Beidh leathlae Dúnadh Scoile ann ar 16 Bealtaine chun go ndéanfaidh an fhoireann iomlán traenáil ar threoirlínte frith-thromaíochta nua (Bí Cineálta).
- Tá ag éirí go hiontach le R4/5/6 ina gceachtanna Spáinnise le Kenny ó Letterlingo.
- Gabhann an bord comhghairdeas le foireann sacar na mbuachaillí a bhain a rannóg sa chomórtas FAI 5s agus a cháiligh do bhabhta ceannais Inis Eoghain. Gabhann siad comhghairdeas le foireann na gcailíní fosta. D'imir siad go hiontach agus is beag nach ndeachaigh siad tríd ina rannóg fosta.
- Beidh Oscailt Oifigiúil an Seomra Céadfaí ar siúl ar 3 Aibreán.
- D'éirigh go hiontach le foireann fichille na scoile ag an Fhéile Fichille an mhí seo caite. Is fiú go mór an obair iontach atá ar siúl ag an chlub fichille.
- Cheiliúraigh na páistí Seachtain na Leabhar, Seachtain na Gaeilge & Seachtain Ghlas i rith mhí Mhárta. Mí an-ghnóthach ach an-sultmhar a bhí ann!
The following is the agreed report from the Board of Management meeting on Wednesday 2nd April 2025:
- 2 new policies were approved (Irish & Whistleblowing).
- The board would like to thank Coiste na dTuismitheoirí for the wonderful coffee morning they organised and for all the support they give to the school.
- The board would like to thank the Farrell family for organising the hurling/camogie competition in memory of Nathan Ó Fearáil.
- Students from the school will be appearing on Highland Radio on 28th May to sing/recite/do interviews (more information to come after Easter).
- The entire staff have recently completed first aid training.
- A videographer is coming to the school on 10th April to record a promotional video.
- There will be a half day School Closure on 16th May for the entire staff to train on the new anti-bullying procedures (Bí Cineálta).
- R4/5/6 are doing great in their Spanish lessons with Kenny from Letterlingo.
- The board congratulates the boys' soccer team who won their section in the FAI 5s competition and qualified for the Inishowen final. They also congratulate the girls' team who played fantastically well, almost qualifying for their final too.
- The Sensory Room will be officially opened on 3rd April.
- The school's chess team had a great time at the Féile Fichille last month. All the hard work at the chess club is definitely paying off!
- The children celebrated Book Week, Irish Language Week & Green Week during March. It was a very busy but enjoyable month!