Ráiteas Misin agus Éiteas na Scoile / Mission Statement and Ethos

Judi_5 (1).jpg

Ráiteas Misin

Is scoil ionchuimsitheach é Gaelscoil Bhun Cranncha ina aithnítear go bhfuil gach páiste uathúil. Glacaimid gur duine leis féin é gach uile páiste agus déanaimid gach iarracht a chumas a chur i gcrích. Chomh maith leis sin, tugaimid deis do na páistí dul i dtaithí ar an Teanga agus ar an chultúr Gaelach, ar bhealach atá nádúrtha agus in atmaisféar a chothaíonn meas agus muinín. I nGaelscoil Bhun Cranncha táimid tiománta agus paiseanta faoin ár gclár oibre agus ár meon na Gaeilge.

Ráiteas Físe

Is Gaelscoil Idirchreidimheach é Gaelscoil Bhun Cranncha atá faoi phátrúnacht an Fhorais Phátrúnachta na Scoileanna lán Ghaeilge (www.foras.ie, @AFPatrunachta), an pátrún is mó ar Ghaelscoileanna in Éirinn.

  • Tá dlúthbhaint idir spiorad na Gaeilge atá ar chroí-lár Ghaelscoil Bhun Cranncha agus an fhéiniúlacht chultúir agus náisiúnta atá ag na daltaí agus an fhoireann scoile. Déanfaidh Gaelscoil Bhun Cranncha achan iarracht lena chinntiú go mbíonn páirtithe na scoile, idir Coiste na dTuismitheoirí, An Bord Bainistíochta, an fhoireann, daltaí agus tuismitheoirí na scoile dílis do spiorad na Gaeilge agus go dtapaíonn siad gach deis chun é a chur chun cinn.

  • Tá sainmheoin Idirchreidmheach ag Gaelscoil Bhun Cranncha. Bíonn an reiligiún Caitliceach agus Protastúnach a theagasc againn le linn am scoile. Is ghnáth don reachtaire agus an sagart cuairt a thabhairt ar an scoil.

Déantar na páistí a ullmhú do na sacraimintí le linn am scoile. Cuirimid fáilte roimh pháistí d’aon chreideamh agus gan creideamh.

  • I nGaelscoil Bhun Cranncha aithnimid na buntaistí tábhachtacha oideachsúla, sóisialta agus iompraíochta a thagann mar thoradh de pháirtíocht éifeachtach idir scoil agus tuismitheoirí. Molann an scoil dlúth-chomhoibriú idir an baile agus an scoil má tá an páiste chun an leas is mó a fháil as an churaclam.

  • Tá forbairt proifisiúnta na foirne agus an Bhoird Bainistíochta tábhachtach dúinn.Moltar freastal ar chursaí inseirbhíse chun saibhreas eolais agus sásamh pearsanta a bhaint amach. Tá comhionnanas lárnach i ngach gné de chúrsaí scoile. Táimid bródúil as atmaisféar fáilteach agus dearfach na scoile.

Gaeilgeoiri_na_Bliana_2018.jpg

Grupa_Ceoil.jpg

peil.jpg

Events
Noll
23 2023
Christmas Holidays
Feabh
05 2024
Bank Holiday
Feabh
15 2024
Mid Term Break
Már
18 2024
Bank Holiday
Már
25 2024
Easter Holidays
News
20-Samh-2023
Ár mbuíochas libh a thuismitheoirí as bheith an-fhlaithiúil agus sibh ag tacú le bailiúchán boscaí bróg Team Hope. Déanfaidh bhur bhflaitiúlacht difear mór do Nollaig phásite éigin I mbliana. Huge thanks to our wonderful parents for your kind support
Enquire
Contact
Gaelscoil Bhun Cranncha,
Ascaill an Chaisleáin,
Bun Cranncha,
Co. Dhún na nGall
F93YW18

074 93 61988


Download the iClass App for iOS
Download the iClass App for Android
Location
© 2023 Gaelscoil Bhun Cranncha